Gaoth Dobhair 2010-08-31 12:38:00

Bhí an Craobh tacaíochta ar siúil ag an deireadh seachtaine agus bhí foireann tacaíochta Ghaoth Dobhair ag imirt in éadan Naomh Mícheál. Bhain siad go maith leis an scór 1-13 go 1-06. Maith sibh. Beidh siad ag bualadh le Na Ceithre Máistrí sa chluiche cheannais. Ádh mór oraibh.
Bhí cluiche sraithe ag an fhoireann sinsear as baile in éadan Naomh Mícheál agus ar an droch uair chaill siad leis an scór 0-14 go 1-09.
Beidh cluichí sraithe sa bhaile Dé Domhnaigh an 5ú in éadan an Chlochán Liath, an chéad cluiche ag 1.30 in agus an dara ceann ag 3.00 in.
Buaiteoirí Club 100
€400 Seán Nancy Ó Gallchoir, €250 Kate Crowley, €150 Mícheál Ó Fearraigh, €100 Joseph Molloy agus €100 Gerry Rua Ó Gallchoir. Comhghairdeas libh uílig.
Bord na nÓg
Faoi 14 Craobh
Bun Crannach 1-06 Gaoth Dobhair 2-07.
Faoi 12 Go Games
3/09 Gaoth Dobhair v Gaeil Fhánaida.
6/09 Cloich Cheann Fhaola v Gaoth Dobhair.


Our sponsors